An Briathar do Dé Máirt, 14 Bealtaine, 2024
Cad ab áil leat ag gearán faoi Nár fhreagair sé thú, focal ar fhocal. Labhraíonn Dia ar dtús ar shlí Agus ansin ar shlí eile, cé nach dtugtar faoi deara é.
Iób 33:13-14
Nó an amhlaidh is beag ort saibhreas a chineáltais agus a fhoighne agus a fhadfhulaingthe? Nach bhfuil a fhios agat gur do do bhrostú chun aithrí atá cineáltas Dé?
Rómhánaigh 2:4
12
Níl an ceart agat sa mhéid sin, a deirim leat, Óir is mó Dia ná an duine. |
13
Cad ab áil leat ag gearán faoi Nár fhreagair sé thú, focal ar fhocal. |
14
Labhraíonn Dia ar dtús ar shlí Agus ansin ar shlí eile, cé nach dtugtar faoi deara é: |
15
Labhraíonn sé trí aislingí agus trí fhíseanna oíche, Nuair a thiteann daoine ina dtoirchim suain, Agus iad ina sámhchodladh ina leaba. |
3 Ach tusa, a dhuine, a bhíonn ag tabhairt breithe ar na daoine a dhéanann na nithe sin, an é a mheasann tú go n-éalóidh tú ó bhreithiúnas Dé agus tú féin á ndéanamh chomh maith leo? |
4 Nó an amhlaidh is beag ort saibhreas a chineáltais agus a fhoighne agus a fhadfhulaingthe? Nach bhfuil a fhios agat gur do do bhrostú chun aithrí atá cineáltas Dé? |
5 Ach de dheasca do chroí chrua neamhaithrigh tá tú ag taisceadh feirge duit féin le haghaidh lae úd na feirge nuair a fhoilseofar ceartbhreithiúnas Dé, |