Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< An Briathar do Dé Domhnaigh, 3 Lúnasa, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Le cuidiú do Dhé, beidh tú in ann filleadh leat abhaile; ach caomhnaigh an buanghrá agus an ceart, agus bíodh muinín agat as do Dhia de shíor.

Hóisé 12:7

Gach ní dá ndéanann sibh le briathar nó le gníomh, déanaigí an t-iomlán in ainm an Tiarna Íosa ag gabháil buíochais le Dia an tAthair tríd.

Colosaigh 3:17

Hóisé 12 (An Bíobla Naofa 1981)

4 Sa bhroinn féin bhuail sé bob ar a dheartháir,
agus in inmhe fir dó chuaigh sé i ngleic le Dia.
5 (Chuaigh sé ag coraíocht le haingeal agus bhuaigh sé air.)
Ghoil sé agus d’agair sé trócaire air.
Thaibhsigh an Tiarna dó i mBéit Éil agus labhair sé leis ansin.
6 (Is é an Tiarna, sea an Tiarna, Dia na Slua, a ainm!)
7 Le cuidiú do Dhé, beidh tú in ann filleadh leat abhaile;
ach caomhnaigh an buanghrá agus an ceart,
agus bíodh muinín agat as do Dhia de shíor.
8 Bíonn meá mhealltach ina láimh aici, ag an gCanán;
is breá léi éagóir a dhéanamh.
9 “Ach ina dhiaidh sin féin,” arsa Eafráim,
“d’éirigh mé saibhir agus tá stór cruinnithe agam,
agus d’ainneoin mo mhaoine uile ní bhfuarthas aon urchóid ionam,
a bhféadfaí coir a thabhairt air.”
10 Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú
as críocha na hÉigipte,
ach tabharfaidh mé ort cónaí arís i mbothanna
faoi mar a rinne tú nuair a theagmhaíomar le chéile tráth.

Read more...(to top)

Colosaigh 3 (An Bíobla Naofa 1981)

14 Agus mar bharr ar gach ní acu sin cuirigí umaibh an grá mar is é a chuirfidh bail agus críoch ar an iomlán.
15 Agus bíodh síocháin Chríost i réim in bhur gcroí mar is chun síocháin a bheith agaibh a glaodh sibh le chéile in aon chorp amháin. Agus bígí buíoch.
16 Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí.
17 Agus gach ní dá ndéanann sibh le briathar nó le gníomh, déanaigí an t-iomlán in ainm an Tiarna Íosa ag gabháil buíochais le Dia an tAthair tríd.
18 A mhná, bígí faoi smacht bhur bhfear céile mar is dual sa Tiarna.
19 A fheara, bíodh grá agaibh do bhur mná agus gan bheith garg leo.
20 A leanaí, bígí umhal do bhur dtuismitheoirí i ngach ní mar is taitneamhach sin leis an Tiarna.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

So you, by the help of your God, return, hold fast to love and justice, and wait continually for your God.

Hosea 12:6

Whatever you do, in word or deed, do everything in the name of the Lord Jesus, giving thanks to God the Father through him.

Colossians 3:17

Hóisé 12 (English Standard Version)

3 In the womb he took his brother by the heel,
and in his manhood he strove with God.
4 He strove with the angel and prevailed;
he wept and sought his favor.
He met God at Bethel,
and there God spoke with us—
5 the Lord, the God of hosts,
the Lord is his memorial name:
6 “So you, by the help of your God, return,
hold fast to love and justice,
and wait continually for your God.”
7 A merchant, in whose hands are false balances,
he loves to oppress.
8 Ephraim has said, “Ah, but I am rich;
I have found wealth for myself;
in all my labors they cannot find in me iniquity or sin.”
9 I am the Lord your God
from the land of Egypt;
I will again make you dwell in tents,
as in the days of the appointed feast.

Read more...(to top)

Colosaigh 3 (English Standard Version)

14 And above all these put on love, which binds everything together in perfect harmony.
15 And let the peace of Christ rule in your hearts, to which indeed you were called in one body. And be thankful.
16 Let the word of Christ dwell in you richly, teaching and admonishing one another in all wisdom, singing psalms and hymns and spiritual songs, with thankfulness in your hearts to God.
17 And whatever you do, in word or deed, do everything in the name of the Lord Jesus, giving thanks to God the Father through him.
18 Wives, submit to your husbands, as is fitting in the Lord.
19 Husbands, love your wives, and do not be harsh with them.
20 Children, obey your parents in everything, for this pleases the Lord.

Read more...(to top)