Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Déardaoin, 12 Meitheamh, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Tá mo chosa ina seasamh ar an réidh; molfaidh mé an Tiarna sna tionóil.

Salm 26:12

Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí.

Colosaigh 3:16

Salm 26 (An Bíobla Naofa 1981)

9 Ná sciob mé chun siúil leis na peacaigh
ná m’anam le lucht doirte fola;
10 Is dream iad a mbíonn an urchóid ina lámha acu,
agus is lomlán a ndeaslámh de bhreabanna.
11 Ach caithimse mo shaol go hionraic:
fuascail mé agus nocht dom do thrócaire.
12 Tá mo chosa ina seasamh ar an réidh;
molfaidh mé an Tiarna sna tionóil.

Read more...(to top)

Colosaigh 3 (An Bíobla Naofa 1981)

13 Cuirigí suas le chéile agus cibé locht a bhíonn ag duine agaibh ar dhuine eile maithigí dá chéile é; faoi mar a mhaith an Tiarna daoibh, déanaigí-se mar an gcéanna.
14 Agus mar bharr ar gach ní acu sin cuirigí umaibh an grá mar is é a chuirfidh bail agus críoch ar an iomlán.
15 Agus bíodh síocháin Chríost i réim in bhur gcroí mar is chun síocháin a bheith agaibh a glaodh sibh le chéile in aon chorp amháin. Agus bígí buíoch.
16 Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí.
17 Agus gach ní dá ndéanann sibh le briathar nó le gníomh, déanaigí an t-iomlán in ainm an Tiarna Íosa ag gabháil buíochais le Dia an tAthair tríd.
18 A mhná, bígí faoi smacht bhur bhfear céile mar is dual sa Tiarna.
19 A fheara, bíodh grá agaibh do bhur mná agus gan bheith garg leo.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

In the great assembly I will bless the Lord.

Psalm 26:12

Let the word of Christ dwell in you richly, teaching and admonishing one another in all wisdom, singing psalms and hymns and spiritual songs, with thankfulness in your hearts to God.

Colossians 3:16

Salm 26 (English Standard Version)

9 Do not sweep my soul away with sinners,
nor my life with bloodthirsty men,
10 in whose hands are evil devices,
and whose right hands are full of bribes.
11 But as for me, I shall walk in my integrity;
redeem me, and be gracious to me.
12 My foot stands on level ground;
in the great assembly I will bless the Lord.

Read more...(to top)

Colosaigh 3 (English Standard Version)

13 bearing with one another and, if one has a complaint against another, forgiving each other; as the Lord has forgiven you, so you also must forgive.
14 And above all these put on love, which binds everything together in perfect harmony.
15 And let the peace of Christ rule in your hearts, to which indeed you were called in one body. And be thankful.
16 Let the word of Christ dwell in you richly, teaching and admonishing one another in all wisdom, singing psalms and hymns and spiritual songs, with thankfulness in your hearts to God.
17 And whatever you do, in word or deed, do everything in the name of the Lord Jesus, giving thanks to God the Father through him.
18 Wives, submit to your husbands, as is fitting in the Lord.
19 Husbands, love your wives, and do not be harsh with them.

Read more...(to top)